Tuesday, 24 May 2016 14:50

Munster Schools Athletics 2016

Joseph Miniter TY. Competed at the Munster schools athletics at the Waterford regional sports centre recently. He had two events on the day long jump and triple jump. He won gold in both events and will now represent cbs Ennistymon at the all Ireland schools in tullamore on Saturday June 4th.

 

Cispheil

Ar an naoú lá de Bhealtaine, d’imir an fhoireann cispheile in aghaidh na gairmscoile, Inis Díomáin agus Naomh Sheosamh, Rinn na Spáinneach. Bhí an t-atmaisféar leictreach sa halla in Inis Díomáin agus thosaigh an chéad cluiche ar a deich a chlog. Bhíomar ag imirt in aghaidh na gairmscoile. Bhí na foirne ar chomhscór don fhormhór den chluiche agus ag an deireadh, bhí an scór 22-22. Chuaigh an cluiche go ham breise agus tar éis trí nóiméad eile, bhuaigh Meánscoil na mBráithre 28-26. Sa cluiche seo d’imir Cian Fahy, Evan Flanagan, Mikey Rynne, Patrick Sheridan, Donnacha Farrell agus Eoin Bermingham go han mhaith ar fad.

Sa dara cluiche, d’imir an ghairmscoil in aghaidh Rinn na Spáinneach agus bhuaigh Rinn na Spáinneach an cluiche seo.

Tar éis an briseadh seo, bhí seans ag ár bhfoireann chun imirt in aghaidh Rinn na Spáinne. Thosaíomar go maith sa cluiche seo ach bhí cúpla imreoir den scoth ag an gcéile comhraic agus bhí siad cúpla pointe chun tosaigh ag leath ama. Rinne na buachaillí ó Mheánscoil na mBráithre an-iarracht sa dra leath ach bhí níos mó taithí ag Rinn na Spáinneach agus sa deireadh bhuaigh siad an cluiche ar scór 28-22. Sa cluiche seo, bhí Jack Healy, Caimin O’Looney, Ben Whelehan, Ian Cahill, Seán McGeary agus Robert McDonnell na himreoirí a d’imir as a gcraiceann.

Bhain na daltaí go léir an-taitneamh as an lá. Bhí sé an chéad uair a d’imir roinnt de na buachaillí cluiche cispheile agus bhí siad go léir ar fheabhas. Míle buíochas freisin do James Leigh, Ross Clair, Shane Vaughan agus Corrán Breathnach as an idirbhliain a thug cabhair agus treoracha do na daltaí ar an lá.

Maith sibh go léir

Adam Daniels